Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 180

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 180

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 180
  3. XML “An Cailín a Bhí i nGrá”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí cailín agus buachaill i ngrádh le céile uair i gcionn mí buaileadh breóidhte an buachaill agus fuair sé bás, do dhein sí cleamhnas airís le buachaill eile i gcionn seachtmhaine, an oidhche a dheineadar an cleamhnas, chonnaic sí an buachaill a bhí marbh agus mar seo a dúbhairt sí:-
    “Mo grádh go léir tú agus Dé
    do bheatha cúgham
    Mo ghrádh do shúil agus t-eadan
    leathan glas,
    Mo ghrádh do croidhe nár smaoinig
    ar mhaithe leat
    Is mo grádh fear óg ’sé mo bhrón
    bheith sgarta leat
    (Do freagair an buachaill ansan í agus is mar seo adúbhairt sé:-)
    Ní’l id’ grádh-sa ach mar a beadh
    mámh de shneachtadh amuich
    Nú tuille sléibh a bheadh tar-éis
    lá fearthainne
    Nú puist de’n ghaoith de dhruim
    na carraige
    Agus sian mo grádh-sa agus mo
    pháirt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Thuama
    Inscne
    Baineann
    Aois
    93
    Seoladh
    An Cheapach Thoir, Co. Chorcaí