Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 164
  3. XML “Triúr Clainne na Bardscolóige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó nuair a bhí triúr clainne na báird sgolóige ag lorg lóistín na hoidhche, bhí an oidhche ag tuitim agus ní raibh fhios aca cá raighidís.
    Do bhuail fear ortha ar an mbóthar agus dubhairt go gcuirfeadh sé geall leo go raibh sé seana cníopaire na chómhnaidhe tamall uatha agus ná leogfadh sé isteach iad. Do ghluaiseadar leo go dtánadar go dtí an áit agus chuadar isteach agus dubhairt an fear istig leo “Cé hé sibhse?”, “Filí iseadh sinn” agus táimid ag lorg lóistín na h-oidhche. “Ní bhfaghaidh sibh lóistín anso” ar seisean “mara ndéanfaidh sibh bhéarsa an duine agaibh”. Bhí fear an tíghe ag ithe rómpa nuair a chuadar isteach. Dubhairt an chéad duine:-
    (1) Tá bád ins an t-sáile marar cailleadh é
    (2) Tá crann ubhall ins an ablórd marar gearradh é
    (3) Tá feasóg ar Rígh Seoirse marar bearradh é
    (4) Agus sgoiltidh fear an tíghe muna stopaidh sé.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ua Scanaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cheapach Thoir, Co. Chorcaí