Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 159

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 159

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 159
  3. XML “An Bacach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bacach ag siubhal roimis lá agus do gaibh sé chun meithiol fear a bhí ag obair shíos ó thig lá agus d’fhiafruigh sé díobh an bhfaghadh sé lóisdín na h-oidhche sa tig sin shuas agus dúbhradar leis ná raibh aon t-seans go bhfhaghadh mar ná thug an bhean sin lóisdín ná déirc riamh do aoinne riamh.
    Dúbhairt sé go gcuirfeadh sé geall le h-aoinne aca go bhfhaghadh sé féin lóisdín na h-oidche uaithe Tharraig sé amach sgilling agus dúbhairt sé gogcuirfeadh sé an sgilling agus tuille dá mbeadh sé aige le h-aoinne aca, thóg fear aca suas é agus comáin an bacach leis suas go dtí an tig agus d’iarr sé lóisdín na h-oidhche ar son Dé agus dúbhairt bean an tíghe leis go tapaidh ná faghadh agus an doras a chuir de go mear, do stad sé ann agus d’iompuig sé isteach uirthe agus dúbhairt:–
    “Mhuise ní h-é íosfainn-se istoidhche do
    creacadh do chúirt,
    Ná síneadh cois gríosach agus sop seasgadh
    chuir fúm
    D’innseadh so t-slíghe dom gurab’ aistear
    gabháil cúghat,
    Gur tú shíolrach na bhfhíor-mbhocht is measa
    sa Mhumhainn.
    Dúbhairt sí leis fanamhaint go lá, isteach leis do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Conchubhar Ua Ceilleachair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí