Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcéadna agus do chaitheadar isteach sa mhailín bhig é fé mar a dheineadar leis an gceann. D'imthigheadar go dtI an áit 'nar thuit an lámh clé dhe agus dheineadar gach rud fé mar a dheineadar cheana féin.Ansan chuadar go dtí an áit 'nar chuaidh an chorp síos agus bhí ana thrioblóid aca ar an gcorp fhághail ach fuaradar é sa deire agus chuireadar isteach sa mhailín bhig airís é. Do tháinigh an triúr isteach abhaile, agus bhí an athair agus an máthair istig ag paidreoireacht rómpu, mar cheapadar ná tiocfadh a mic abhaile go brách arís cúcha ach do thánadar go slán súgach agus an lá na dhiaidh san do chuireadar an mailín agus an corp istig ann sa roilg agus ní fheachtas an sprid a thuille sa portach.
- Faisnéiseoir
- Ristéard Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí