Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)in aon-chor agus do bhíodh sé ag cuimhneamh i gcómhnaidhe agus ag smiodaireacht gáirí cuige féin.
Bhí gadhair maithe aca agus bhíodar san mar bheidís buailthe le dathacha no rud éigin de'n t-shórd san mar ní rabhadar ach ag imtheacht i gcoinnibh a gcosa agus ní rithidís i ndiaidh coinín ná giorfhiadh agus chuir san árd ioghnadh ar na fearaibh.
Chuireadar amach mada-ruadh agus do rith na gadhair na dhiaidh agus chuaidh sé isteach i dtor aitinn agus do mharbhuigheadar é, chuireadar amach broc, coinín, giorfhiadh, eascú, agus madra-uisge agus do mharbhuigheadar gach ceann acu sa tor, b'é an seachtmhadh rud a chuireadar amach ná fiadh agus do theip ortha breith uirthe sin. Chuadar abhaile agus deineadh taidhreamh de Fionn gur ceart do dul go dtí an tor arís an lá na dhiaidh san agus dul síos an poll mar go raibh áit ana dheas shíos ann. Chuaidh sé ann agus chuaidh sé síos tríd an bpoll agus rith seana-fhiadh amach agus rug sé ar an bhfhiadh-óg agus thug sé leis abhaile í. Do thug sé ana aire dhí agus i gcionn seacht mbliadhna eile do iompuigh an fiadh a gnéith agus do sheasaimh bean-áluinn ó's a chómhair agus bhí bean Fionn í agus d'aithnigheadar a chéile agus do mhaireadar go síothcánta na dhiaidh san.- Faisnéiseoir
- Ristéard Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann