Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)

Suíomh:
Cluain Droichead, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrane (B.)
  2. XML Leathanach 133
  3. XML “Nós an Lae Bealtaine”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tuiteann lá bealthaine ar an gcead lá de Mhí na Bealtaine agus tá alán sgealta greannara ann i dtaobh an lae san.
    Téigheann gach duine nách mór go dtí an Chathair atá suidhte i measg na sléibhte thiar i gCiarraighe chun uisce beannuithe d'fhághail as an dtobar beannuithe. Caitheann síad uisce beannuithe ar gach toradh a bhíonn aca leis Oidhche Bealtaine ar an gorth ar na prataí agus ar na mangléisí agus ar na tornapaí agus croitheann siad an t-uisce beannuithe leis ar na beitidhigh.
    Deirtí leis go dtéigheadh na daoine fadó go tigh cómharsan éigin agus crudhaidís ba an chómharsan san, i gan fhios don fheirmeóir agus ní fhéadfadh an feirmeóir san aon ím a dhéanamh i rith na bliadhna san.
    Tá alán sgéil ann leis agus seo ceann aca.
    Bhí fear ag gabháil thar páirc lá agus bhí ba istigh ins an bpáirc ceadhna, chonaic an fear ag bean agus dhá théid aice.
    Bhí glaise ins an bpairc ceadhna. Bhí an bean ag bualadh an t-uisce leis an dá théid, do glaodhaigh an fear uirthe no rud éigin mar sin agus do ruith an bhean agus chaith sí an da théad ar an bpairc. Phioc an fear suas iad agus thóg sé iad abhaile leis agus chuir sé isteach i mbosca iad. D'osgail sé an bosca maidin lár na mhaireach agus bhí an bosga lán d'ím.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Bí beidhleadóir ann uair amhain agus beidhleadóir ana mhaith do bead é.

    Bhí beidhleadóir ann uair amháin agus beidhleadóir ana mhaith do beadh é. Do mhair sé i dtigh go raibh lios lasmuigh de. Oidhche amháin clos sé na pucaí ag seinnt leis. D'fhiarfruig puca de cad na thaobh go raibh sé ag seinnt an ceoil sin agus dúbhairt sé go raibh an ceol ana deas.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Proinsias Ó Mainnín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Garrán na gCapall, Co. Chorcaí