Scoil: Maghcromtha (B.)

Suíomh:
Maigh Chromtha, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Deasmhumhna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maghcromtha (B.)
  2. XML Leathanach 301
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Thugas grádh cléibh duit ar spéir-bhean ar dtúis.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    9
    Dubhart-sa léithe éisteacht is deánamh go ciúin
    Go raghfainn go dtí lórnach ar Eochaill na long
    Chuirfinn sgataí breagh caorach ar aonach so chughainn
    Agus do phósfainn im’ room í gan spleádhchas.
    10
    Do ritheas an cómgar agus an bóthar anonn
    Agus ní fheaca in aon chúinne sa tsráid é
    Do thángas go suarach fé thuarma na tighe
    Agus bhí iongnadh ar na daoine cá dtánag.
    11
    Dó bh’fada bhí an bóthar ní dubhairt sé liom suidhe
    Nó bain díol do chlóca go n-ólfam braon dighe
    Séideann na cómharsain nár fóghanta mo shlighe
    Ná raibh aon bhall go luighfinn go lá aige.
    12
    Do bhí sean-bhean súghach ‘na chúinne sa luighe
    Airiú cé bheadh annsúd ach a mháithrín
    Do bhí bairrlín beag suarach anuas uirthi ó’n síon
    Ná raibh pioc uirthi ó’n díon nó ó’n báisteach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Neans Ní Shuilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Maigh Chromtha, Co. Chorcaí