School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear na chómnaidhe i mBeal Átha an Gaorthaig fadó feirmeóir a b'eadh é, aon la amháin bhí sé ag dul go dtí aonach mághcromdha, agus nuair a bhí sé ag imtheacht dubhairt duine dos na páisti leis "bróga nuadh a thabhairt cuige ón t-Aonach", dubhairt beirt nó truir eile achu "bróga nuadh a thabhairt cúca féin leis."
Bhí cat agus piscín sa chúinne agus do labhair an seana cat "bróga nuadh a thabhairt cuige leis," do bhí ana iongnadh air an fear agus ní raibh fhios aige cad a dhéanfadh sé, dubhairt sé "go dtabharfhadh sé na bróga cúcha," d'imtigh sé leis go mághcromdha.
Do casadh Miníor air i Mághcromdha duine uasal a b'eadh Miníor a bhíodh alán gadhair agus cum aige, d'innis an fear a sceal do Mhíner "go raibh na leanbhai a rádh leis broga nuadh a thabhairt cucha ón t-Aonach," agus nuair a bhí sé ráidte ag gach duine acu, "dubharit an seana cat sa(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Thuama
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Informant
- Seán Ó hAtháin
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí