School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 017
- XML “An Buachaill a Chuaigh in Éineacht leis na Daoine Maithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear na chómhnuidhe tímpeall na h-áite seo fadó, feirmeoir a b'eadh é, do bhí mac aige agus bhí sé ana aerach, agus théigeadh sé ag sguraidheacht gach oidche, d'fhanad sé amach uaireana ana dheanach.
Dubhairt an t'athair leis "gan bheith deánach aon oidhche eile," níor stop san é, dubhairt an t'athair leis "muna mbeadh sé istig air a leath h-uair taréis a deich aon oidhche eile go dhúnfadh sé an dorus air", "agus go gcaitheadh sé fanamhaint amuich," ar cead oidhche eile d'fhan sé amuich ana dhéanach, ach nuair a tháinig sé abhaile do bhí an dorus dúnta roimis, agus b'éigin do fanamhaint amuich, do bhí an oidhche ana bhreagh, agus dubhairt sé leis féin "go gcodhlóchadh sé i scioból a bhí ann", do cuaidh sé suas an staighre a bhí [?] ag dul suas go dtí an scioból, agus shuid sé síos air bharra an staighre agus dhearg sé a phíopa, ba ghearr gur airig sé fothrom éigin mór ag(continues on next page)