School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Mo chara do léim
A sheana léim céachta"
Bhíodar a chomáint leo go dtí go dtánadar go dtí tig feirmeora. Do bhí cailín óg a bhí chun pósadh ann an lá na mháireach, dubhairt na daoine maithe leis an buachail "go raghaidís isteach ansa anois agus ná fheiceadh aoinne iad," tig cínn túighe a b'eadh é, do bhí an tig lán do dhaoine agus iad ag ithe agus ag ól agus ag rínnche.
Dubhairt na daoine maithe leis an bhuachail "go gcuiridís in-áirde air maide croise an tíghe é ós cionn an cistin in-áirde," agus dubhradar leis "gan aon fhochal a labhairt go dtí go dtógfhaidís feín as san airís é," do bhí sé ansan in-airde ag féachaint ortha ag ithe agus ag ól agus amach san oidhche do thosnuigh an cailín ag sraotharnaig ní dubhairt an buachail aon nídh an céad uair ná an tarna uair, ach an triamhadh uair dubhairt sé "Dia linn Dia linn is Muire."
Ní túisce a bhí na focail as a bhéal(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Thuama
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Cork
- Informant
- Sean Ó Liatháin
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Cork