School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ná gur thuit sé air mhulach a chinn thíos air an mbórd agus do rith gach aoinne a bhí a tig amach an dorus le scrannradh, ach amháin an cailín a bhí le pósadh.
Dubhairt an buachail léi "gan aon scannradh a bheith uirthi" agus d'innis sé an sceal go léir di, dubhairt an cailín "ná pósfadh sí aoinne eile sa Domhan ach an buachail féin." Tárladh mar a dubhairt sí 's do phós sí an buachail.
Do mhair an beirt acu go cómpórdach, do bhí inghean óg achu agus b'í an cailín ba dheise sa pharóiste í, is nuair a fhás sí suas théighead sí go dtí cómhthalán gach Domhnach aon Domhnach amháin nuair a bhí sí ag rínnche tháinig sídhe gaoithe 's do thógfhadh suas sa spéir í, agus ní fheacadar a thuile í ón lá so go dtí an lá atá indiu ann. Sin é mo sceal se agus má tá breag ann bíodh, ní mise a chúm ná a ceap.- Collector
- Siobhán Ní Thuama
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Cork
- Informant
- Sean Ó Liatháin
- Gender
- Male
- Age
- 64
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Cork