School: Inis Arcáin, Dún na Séad (roll number 14065)
- Location:
- Dhá Ghníomh, Co. Chorcaí
- Teacher: Risteárd Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Arcáin, Dún na Séad
- XML Page 231
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Ciste i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(4) " Pointe Reamhair " is eadh ainm atá air point i naice " Faidhil Fortláin " ( Batt's Cliff ), mar atá sé ana reamhair.(5) "Faidhil Fortláin " is eadh ainm atá faidhil i gcuan Dún na Séád, mar bhí sé ar fear air a tugtar Bat.(6) " Seana Bóthair " is eadh ainm atá air páirc i n-aice mo thighe(7) " Carraig na Shaggaí is eadh ainm atá air carraig a bhíonn clúdaidhthe le shaggaí i gcomhnuidhe
Tugtar " Coinne ", " Rinn Dubh ", " Faidhil Bheithín ", agus " Carraig Mhóna do aiteanna eile mór thimcheall an oilean - Grinn Scéal
Lá amháin chuaidh beirt fhear ó Inis Arcáin go dtí Oileán na Draighneagh ag gearradh aitinn. Nuair a bhí sé gearrtha aca, chuaidh síad fé dhéin an bháid arís. Bhí madra-ruadh marbh air an bport, agus cuir aca isteach ins an mbáid é. Nuair a thángadar i dtír in Inis Arcáin, caitheadar an madrea-ruaidh amach ar an dtráigh. Ní thúisce a huail an madra-ruadh an talamh, ná d'imthigh sé leis ar nós na gaoithe. Ceap na fir go raibh sé marbh, ach sé ro ghlic dóibh. Sin é an céad madra-ruadh a thánaig go hInis Arcáin, agus tá madraí-ruadh ann fós. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.