Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad (uimhir rolla 14065)
- Suíomh:
- Dhá Ghníomh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Risteárd Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad
- XML Leathanach 231
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Ciste i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(4) " Pointe Reamhair " is eadh ainm atá air point i naice " Faidhil Fortláin " ( Batt's Cliff ), mar atá sé ana reamhair.(5) "Faidhil Fortláin " is eadh ainm atá faidhil i gcuan Dún na Séád, mar bhí sé ar fear air a tugtar Bat.(6) " Seana Bóthair " is eadh ainm atá air páirc i n-aice mo thighe(7) " Carraig na Shaggaí is eadh ainm atá air carraig a bhíonn clúdaidhthe le shaggaí i gcomhnuidhe
Tugtar " Coinne ", " Rinn Dubh ", " Faidhil Bheithín ", agus " Carraig Mhóna do aiteanna eile mór thimcheall an oilean - Grinn Scéal
Lá amháin chuaidh beirt fhear ó Inis Arcáin go dtí Oileán na Draighneagh ag gearradh aitinn. Nuair a bhí sé gearrtha aca, chuaidh síad fé dhéin an bháid arís. Bhí madra-ruadh marbh air an bport, agus cuir aca isteach ins an mbáid é. Nuair a thángadar i dtír in Inis Arcáin, caitheadar an madrea-ruaidh amach ar an dtráigh. Ní thúisce a huail an madra-ruadh an talamh, ná d'imthigh sé leis ar nós na gaoithe. Ceap na fir go raibh sé marbh, ach sé ro ghlic dóibh. Sin é an céad madra-ruadh a thánaig go hInis Arcáin, agus tá madraí-ruadh ann fós. - Ciste i bhfolach.Deirtear go bhfuill próca óir i bhfolach in áit éigin i Sliabh Mór. Cuireadh ann é ar eagla go nguidfeadh ropairí é. Deirtear leis go bhfuill go beirt fhear gan(leanann ar an chéad leathanach eile)