School: Inis Arcáin, Dún na Séad (roll number 14065)
- Location:
- Dhá Ghníomh, Co. Chorcaí
- Teacher: Risteárd Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Arcáin, Dún na Séad
- XML Page 191
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Droch-ShaoghalIns an droch-shaoghal nuair a bhíodh na prátaí bainte ag na bhfeirmeoirí théigheadh na daoine ag romhar arís ag lorg aon phráta a bhí ins an talamh.
Ag an am sin thabharadh na Protastúnaigh anairthe dos na daoine gur raibh ocras orhta agus dos na Caitilicidhe iná tompóchaidís a gcreideamh. Bhí suas go míle duine ar an oileán an uair sin ach níor thóg aon duine acu an anairthe. (Bhí suas le sé clann de Phrotastúnaigh san áit ach níl ach aon chlann amháin ann anois. Bhí tigh- saghas tampaill, ag na Protastúnaigh an uair sin annso ach tá san imtighthe fadó. Ní bhíodh aon ministéir annso ach léigheadh fear darb'ainm Young na paidreacha dóibh. An clann atá ann anois téigheann siad anonn go Dún na Séad ag paidireóireacht).
Tá an suidheamh in a raibh an tigh anairthe (soup house) le feiscint fós in aice na háite in a bhfuil muinntear Uí Connchubhair ag comhnuidhe anois.