Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad (uimhir rolla 14065)

Suíomh:
Dhá Ghníomh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Risteárd Mac Carrthaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Inis Arcáin, Dún na Séad | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 195

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Herbs (Luibheanna)

Fasann mórán luibheanna ar na ferime annso agus tá cuid aca an-díoghbhálach mar atá na feochatán, gaoratán agus neanntóga. Tá luibh ann ar a tugtar "Meacan dá Togha" nó "Bainne cí ann" (spurge) agus tá [?] ann.
Na luibh a gheibhtear ins an bhfarraige- carraigín, slabhacán, triopán, dilisc.
Carraigín: Beirbhightear é i mbainne agus nuair a bhíonn sé beirbhighthe stráintear é agus fágtar i mbáirín é go dtí go mbíonn sé beagainín cruaidh. Annsan cuirtear súcra air agus ittear é.
Slabhacán agus Triopán: Beirbhightear iad san in uisce agus ittear iad le salann agus uachtar.
Dilisc: Ittear é sin mar atá sé.

Teanga
Gaeilge