Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad (uimhir rolla 14065)

Suíomh:
Dhá Ghníomh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Risteárd Mac Carrthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 172

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Arcáin, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 172
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1: Nuair bhíonn scamaill dhorca ag rith treasna na spéire sin comhartha go mbeidh báisteach againn.
    2: Nuair bhíonn na réaltíní ag spreacharnaigh sin comhartha go mbeidh sioc againn.
    3: Nuair a síltear go bhfuil áiteanna atá i bhfad uainn níos comhgaraidhe dúinn beidh báisteach againn.
    4: Nuair bhíonn fáinne mór-thímcheall na gealaighe, agus nuair bhíonn sé ag dul i méid sin comhartha go mbeidh aimsear bhreág againn.
    5: Tá carraigh ag béal cuain Dún na Séad ar a tugtar Rinn Dubh (Black Point) agus nuair a chloistear í ag scordán beidh stoirm againn.
    6: Tá carraigh ar an dtaobh tuaidh de'n Oileán seo ar a dtugtar an "Muilleann". Má raibh na tonntacha ag briseadh i gcoinnibh na carraige sin comhartha stoirme.
    7: Tá faill i Sliabh Mór ar a tugtar Rinn a Bhuilg. Má raibh an faill sin "ag bhriseadh" bheidh báisteach trom againn.
    8: Tá carraig idir Inis Cléire agus Inis Arcáin ar a tugtar an Charraigh Mhór. Dá bhfeicteá an charraig ag tabhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge