School: Inis Arcáin, Dún na Séad (roll number 14065)
- Location:
- Gneeves, Co. Cork
- Teacher: Risteárd Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá 'le BrighdeNí ceart d'aon duine treabhadh an lá sin. Bhí fear ag treabhadh annso fadó lá 'le Brighde agus caitheadh crúistín leis. Chuir fear éigin eile acra cruithineachtan agus níor bhain sé ach leath-mhála as.
Lá BealtaineTugann na daoine planndaí glasa isteach in a dtighthe cun an Samhradh do bhreith leo lá Bealtaine. Téigheann na daoine annso go dtí "Tobar an Ghabha" (an tobar beanuighthe) atá ar an oileán an lá sin leis.
Oidhche SamhnaSé an nós a bhíonn acu an oidhche sin ná cnó agus ubhla a bheith ag na daoine óga. Cuireann siad ubhall i dtubán uisge agus bíonn gach duine ag iarraidh breith ortha le'n a mbéil.
Oidhche Cinn BliadhnaTéigheann na buachaillí mór timcheall go dtí na tighthe go mór mór na tighthe feirmeóirí agus goideann siad tuighe. Annsan nuair a bhíonn beart mór den tuighe acu lasann siad é cun an sean-bhliain do dhóigheadh amach agus an nua-bhliain do dhóigheadh isteach.(continues on next page)