School: Inis Arcáin, Dún na Séad (roll number 14065)

Location:
Gneeves, Co. Cork
Teacher:
Risteárd Mac Carrthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 202

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 202

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Arcáin, Dún na Séad
  2. XML Page 202
  3. XML “Na Prátaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cuirtear prátaí ar na feirmeacha annso gach bliadhain. Ollmhuightear an talamh ar dtús agus scaprear aoileach air. Uaireanta cuirtear triosear (sea-weed) ann cun an talamh a bhogadh. In iomairí a cuirtear na prátaí annso i gcomhnuidhe. Deintear puill ins na h-iomaraí cun na sgiolláin do chur ann. Dúntar na puill arís leis an "pucadóir" (poc a taon). Cabhruigheann na comharsain go léir a céile ag cur na bprátaí. Fadó nuair a bhí an Gorta Mór ann, baineadh na daoine annso na súile de na prátaí i gcóir síl, agus d'íosadh siad an chuid eile den phráta.
    Baintear na prátaí i mí Mean Foghmhair agus deintear poll ins an dtalamh agus cuirtear ann iad agus clúduightear iad arís le tuighe agus annsan cré (tugtar "pit" ar san)
    Fágtar ann iad annsan ar feadh cúpla mí go dtí go mbíonn tigh ullamh ina gcóir. Iompuightear iad cúpla uair agus baintear na "buingeáin" (shoots) uatha.
    (a) Tugtar "práta fireann" ar práta nach bhfuil aon súile ann saghas puill ar a bhárr.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish