Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 158
  3. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá dhá luibh ag fás igCléire agus do dheanaidís díobháil des na ba, siad san, Meachann Dá thógha agus bainne Cía Ean. Dá níosfadh na beithídhig iad do mharbeóchaidís iad ach ní dheanfadh bainne cía ean aon díobháil do ghamhna. Nuair a bhíonn an cruithneacht ag teacht aníos bíonn slacar ag fás tríd go nglaodhtar puirseach bhuidhe air.
    Bíonn rud ag fás ar na clocha agus sé an ainm atá air ná Ruascar na gCloch. Do deintí úsáid de fadó shoin chun eadach a dathúgha. Do chuireadh sé dath dearg ar eadhach.
    Tá billeóg glas ag fás agus sé an ainm atá air ná slántas. Dá gcuirfá isteach id beul é, chun é do fhluichta, agus dá mbeadh meur gearrtha agat, chuir i gcás dá gucirfá ar an meur é do stadfhadh sé an fuil. Bíonn billeóga ag fás tríd na clathaca go nglaodhtar leacán air. Do tugtí do ghamhna é fadó shoin. Bíonn rud ag fás ar na cnuic go nglaodhtar sáiste cnuich air. Do beiríughtí é fadó shoin. agus d'óltí an tuisce. Tá ana leigheas ann. Tugtar neantóg des na mucha. Tugtar caisearabhain des na cearca agus des na mucha leis.
    Bhailig: - Cáit Ní Drisceóil, Cumolán
    Fuaireas ó: Nóra Bean Uí Drisceóil, Cumolán
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ni Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Nóra Bean Uí Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    41
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí