Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 147
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)í san oidhche, agus á dhúnfá na fuinneóga agus an glas a chuir ar an ndorus, bheadh sí imthighthe ar maidin. Nuair d'eireóchadh muinntear 'a tíghe ngach aon maidin bhíodh sí imthighthe agus ní thiochfhadh sí thar nais go dtí an oidhche.Pé sgéal é, tháinig sí isteach oidhche éigin agus bhí fear ó Cnocán-na-Caoíthigh istigh, darab ainm Ciarán Ó Ríogáin, agus bhí sé ag sguraidheacht, agus dúbhairt sé go raibh sé ag fághailt déanach, agus go gcaithfeadh sé dul abhaile, mar go mbeadh am leabhaidh ann, san am go sroisfeadh sé an baile. Dúbhairt sí leis fanamhaint go fóil, mar go raibh dhá dhream síofraidhe amuich, go raibh aon dream amháin imthighthe, agus go raibh an dream is measa ag teacht. Dúbhairt an fear léi ná bí ar magadh anois níl a leithéid ann in-aon-chor. Annsan cuaidh an fear suas go dtí an teine agus do thóg sé fód móna a bhí ar lasadh, agus do chuir sé anuas ar ursal é. Annsan d'imthig sé amach an dorus agus an fód móna ina láimh aige. agus d'fhág sé slán ag muinntear a'tíghe. Nuair a bhí sé ag dul o thuaidh tré "Gort Maoláin" do bhuail sé cínn do lucha móra bána leis. D'imthig sé thársa amach agus d'imthig sé abhaile go slán, sábháltha agus ní fheacha sé go deó ina dhiaidh sin iad.Bhailig:Proinséas De Búrca,
Trá Cíaráin
Inis CléireFuaireas ó:Seán Ó Ríogáin
Cnocán-na-Caoithig
Inis Cléire- Bailitheoir
- Proinséas de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Trá Chiaráin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ríogáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cnocán an Choimhthigh, Co. Chorcaí