Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tig a'diaraidh cúpla pingin agus seo mar a deiridís:-" Thugas mo dhreóilín cugat sa, a mháistrás, agus ní mar dhúil i leamhan ná i narán, ach nós atá in ár ndúthaigh Lá 'le Stíopáin, "nó díaraidís:-" Thugas mo dhreóilín anoir ó Pháris, tá sé i mbarra maide agam agus staf a bháis ann. Tá sé maluighte agus is deacair é do shásamh, Is a ghasra a' tighe seo cuiridh amach an tairgead, sul a ndeanfhaidh sé sib a cháineadh. Dá bhfaighidís an tairgeadh d'iaraidís:-" Slán beó chúghaibhse a lánmhú a' tíghe seo,
Go mairfhidh sibh go deó chun go mbeidh sibh críona
agus chun go bhfásaidh an lua dhearg trí mhullach an tseana thíge agaibh. "
Mura bhfaigheadh na buachaillí an tairgead d'iaraidís:Thugas mo dhreóilín ó cugat sa a chúpat,
A ceann gan innithin is a cloigean gan súile,
Ná sínir do chosa is ná crapair do ghlúine,
Agus go seacht míle measa igcóir an Nodlaig seo chúghainn sibh.
Bhailig: Cáit Ní Drisceóil, Cumolán
Fuaireas ó: Ciarán Ó Drisceóil - 1) Caithfidh bacaig min a fhághail.
2) Faigheann teampal catharach cuirp.
3) Cómhrádh ban ar tslí cómhrádh eadtrom baodh.4) Port feadaoíl is toidhche nú sceul fiannaidheacht is ló, ní bheidh an duine sin coidhche gan dream púcaí ar a thóir.5) Galar nú naíre, grá nú tart, do thug an tochas an bárr leis an bóthar amach.An gaol atá ag an mbuin leis an mbláthaig:-(leanann ar an chéad leathanach eile)