Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 118
  3. XML “Seanfhocail”
  4. XML “Whiskey”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Fhocail
    I Is fearr priobán ná poll, is fearr lom ná lían agus is fearr byrán agus bainne gabhar ná dul do tighthe an domhain dá iarraidh.
    II An té ná deunaidh rud ar an stúir, deunaidh sé rud ar an gcarraig.
    III Ní gcómhnuidhe is trom craobh ón bhfairrge.
    IV Ní dhiaidh luathacht is léireacht lé aoinne riamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá sceulín beag nua 'gam dá ínnsint,
    Is ba chóir dom é chraobh-scaoileadh go hárd,
    Go bhfuil Whiskey gach lá ag dul i saoírse,
    Agus áthas mo chroidhe orm dá bhárr.

    Nuair a chloisim na gloiní dá líonadh,
    Is an coileacta ag suidhe chun an chláir,
    Cómh hárd lé mulaibh a' tíghe seo,
    Go neirigheas mo chroidhe lé lúgháir.

    Do bhí cáirt breágh lé fághail ar Thirteen de,
    Is cáirde naoi mí chun recnáil,
    Is ní haon tairbhe bheith ag trácht ar mór-fheacht,
    Ach mo grádh sa an gloinne mór is é lán.
    Bhailigh: Cáit Ní Drisceóil, Cumolan
    Fuaireas ó: Thomás Ó Síothcháin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
      2. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Síothcháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí