Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 084

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 084

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 084
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (1) Nuair a bhíonn an spéir dearg thoir ar maidin, sin cómhartha báistighe is gaoth, agus nuair a bhíonn sé dearg thiar ag luighe na gréine, sin cómhartha lá áluinn ar na bhárach
    (2) Nuair a bhíonn tuagh ceatha ar maidin, cioth um tráthnóna.
    (3) Bíonn gála ag teacht nuair a thagann na seagaí isteach sa dtráig.
    (4) Bíonn báisteach ag teacht nuair a bhíonn ana chuid cuillí beaga ag sgeimhineamhaint timcheall.
    (5) Bíonn báisteach ag teacht nuair a bhíonn na fáinleóga ag sgeimhineamhaint ana íseal.
    (6) Bíonn gála ag teacht nuair a bhíonn ana cuid dathanna sa teine.
    (7) Bíonn báisteach ag teacht nuair a bhíonn fáinne timceall an ré.
    (8) Nuair a bhíonn caipín ar Cnoch Osta cómhartha báistíge iseadh é.
    (9) Ceó i ndeire na gealaighe, fearthainn indeire an lae.
    (10) Tráthnóna dearg is maidin glas, cómhartha áilneacht is teas.

    Proinséas De Búrca,
    Trá Cíaráin,
    Inis Cléire
    ó Phádraig De Búrca (52 bl.)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinséas de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Trá Chiaráin, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádraig de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    Trá Chiaráin, Co. Chorcaí