Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 058
- XML “An Bhó Sí ón bhFarraige”
- XML “Málaí an Bhacaigh lena nDéirc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sé ráidhte ar fuid na háite seo an té a chífeadh an bhó nú an capall a teacht thar an gclaidhe isteach ó'n bhfairrge dá dtógadh sé anios as an dtalamh tirim lán a dhuirn do chré na talmhan agus é chaitheamh ar an mbó go leanfadh sí é. Chualadh na sean daoine a rádh go dtáinig bó isteach i n-áit eígin mór thímpal na h-aíte seo agus gur lean sí duine éigin do mhuintir na h-áite go dtí an tig agus gur fhan sí aige. Bhí sí 'na bó mhaith agus bainne aici. D'fhan sí aige chun go raibh ocht gcinnn de ghamhna beirtha aicí agus bhí sé nú seacht do bhuaibh bainne annsan aige.An bhliain nua bhí gamhain tairbh aici agus do mharibh an fear é, agus nuair a dhein thóg an bhó a ceann agus chuir sí greas géimrí aisti agus thug sí a h-agaidh amach ar an bhfairrge agus do lean na h-ocht gcinn eile í agus ní fheacthas ó thoin í.Bhailig: Seósamh Ó Drisceóil, Cnocán na mBáirneach
Fuaireadh ó: Conchubhar O'Drisceóil,- Bailitheoir
- Seósamh Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnocán na mBairneach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Conchubhar O Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnocán na mBairneach, Co. Chorcaí
- 1) Mala an Daíll
2) Mala Fuighil
3) Mala na Guailline
4) Mála Laistuas de
5) Súitsil
6) Saitsil
7) Búitsil
8) Baitsil
9) Púitsi Tobac
10) Adharc an MheanaitheBailig: Don. P de Búrca O.S Inis CléireFuaireas ó: Pád. T. Ó Lionáin (R.I.P.) Inis Cleire
76 (marbh 6 bl.)- Bailitheoir
- Donncha P. de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádraig T. Ó Lionáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Cléire, Co. Chorcaí