School: Leitir (roll number 15668)

Location:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Teacher:
Tomás Mac Eóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 067

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 067

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitir
  2. XML Page 067
  3. XML “Fir Léime”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fir Léine
    An fear léine a b’fhearr bhí sa pharóiste seo idir Gleannbeithe is Gleann Cárthaigh bheadh Seán Ó Bhraoin (Seán a’ Bhraoinig) ná maireann. I nGleann Cárthaig a mhair sé, ar an Drom a’ Lóthairt. San am san, taréis Aifrinn bhídís ag léimrig agus cos-lomnochta bhídís. Trasna an bhóthair ar aghaidh an t-Séipéil amach, agus ó clós an t-séipéil a leimidís. Thriall mórán é ach sa deireadh ó’s na iomaduidhdthe ar fad táinig sé idir Pádraig Ó Foghludha ag Seán a’ Bhraoinig. Fear maith léimt b’eadh Pádraig (Amhlaoibh) leis agus fear parseónta. Caith Paddy an léim is má chaith chuaidh sé thar bhóthar is i n-áirde ar chlaidhe bhí ar an dtaobh thall. Annsan tairring sé rásúr as a phóca. D’osgail agus cur sé ar “mare” é, agus an faobhar i n-áirde, d’fhonn eagla chuir ar aoinne eile, mar tá fhios agat bhíodar cos-lomnochta. Ach níor chuir sé eagla ar Seán ‘a Bhraoiníg. Ina ionad san is amhlaidh a tháinig dúbailt anama ann. Thóg sé cúpla coiscéim reatha, ghlan sé an bhóthair, agus chuaidh sé faid rámhainne ar an dtaobh eile de’n chlaidhe. Annsan tháinig agus thóg an rásúr agus dhein smidiríní dhe ar an mbóthar agus do Phaddy chómh maith. Níor léim Paddy a thuille as san amach.
    Lá eile bhí Seán agus cúpla comrádaí dó, ag dul t’réis Aifrinn fé dhéin Tig Osda Gleanna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás ac Eoin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Partalón Ó Duchartaig
    Gender
    Male
    Age
    75