Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 017
- XML “Scéal an Chailín a Chonaic A Máthair”
- XML “Scéal i dtaobh Beirt Chailín a Chonaic Púcaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeul an chailín a chonnaic a mathair.Do bhí bean ag dul trasna bóthair Rosc (?) aon lá amháin. Nuair a bhí sí tamall don bhóthar, chonnaic sí bean ag teacht cuighi. D'aithin sí an bhean mar bhí a hinghín féin í. Thosnuigh an cailín ag cainnt agus is é rud a dúbairt sí "Chun dul oidhche Nodlag go dtí tigh a páistí féin agus iad do nídh is do ghlanadh agus a cóta féin a bhí ar (ag sa lámhscríbhinn) crochadh ar chúl an dorais do nídh agus dath eile a chur (chuir sa lámhscríbhinn) air agus cúpla sgillinge a thabhairt (thúbhairt sa lámhscríbhinn) don ghréasaídhe ar a bhróga, agus ná ficeadh sí a thuille[adh} í. Dhein an bhean cad dúbhairt an cailín agus ní fheacha sí a thuille.
- Do bhí beirt cailín i na gchómnúidce inaiche a chéile. An lá san, bí na fir ar an dtragh ag baint feamnaigh, bhí an bheirt cailín sa bhaile. Í lár an laé, chonnaic an beirt cailín beirt ban ag teact anúas, agus ag dul fé dhéin bairrlín a bhí ag crochad ar an dtor. An tamh san chúaidh an cailín i laige, agus núair a dhúsaig sí, dúbhairt sí leis an cailín a bhí 'na h aiche, go raibh ceann d'os na mnáibh ag cainnt léi. Dúbhairt an púca leis an cailín cóta i féin do dhathú le ruim na búalach. D'inneas an chailín cad dúbhairt an púcaí léi, ach is amlaidh abhí a mhathar ag maghad fúithi I gcionn cúpla seachtmaine(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Dhúnaighe
- Inscne
- Baineann