Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acu. D'fhágadar an córa san paiseásta agus d'imigheadar isteach sa lios. D'oscail Seán an córa agus chonnac sé cailín bréag óg istigh ann, acht ní raibh sí marbh, bhí sí ag tarrac a hanáile. Scuib Seán an córa leis abhaile agus thóg sé amach an cailín amach as an córa, agus chuir sé ar an surachán í. Bhí sí annsan ar feadh tamaill acht ní raibh sí ag dul a bhfeabhas. Núair a bhí Seán ar aifrean an Domhnach na dhiag sin thánaig an fear beag líath go dtí Seán agus dúbhairt sé leis dul arís go dtí an lios anocht acht gur baolach go gcaillfeadh sé a mheisneach anocht. Chúaidh sé go dtí an lios agus núair shrois sé an aith bhí na fir ceadhna istigh agus íad ag ithe, agus ag caint i dtaobh Sheáin agus an cailín. Dúbharadar ná mbeidh an cailín go maith arís go dtí go bhfaighfadh sé triúr braon as cupán óir a bhí san mbórd acu. Núair a chualadh Seán é sin chúaidhse isteach agus sciub sé leis an cupán agus chúaidh sé abhaile.Do thig sé na trí deaca go dtí an cailín agus do leigheasadh í. Dúbhairt sí le Seán gurbh inghean Rí í agus dúbhairt sí le Seán í do thabhairt abhaile léi. Chuir Seán anáirde ar capall í agus chúaidh sé go dtí an áit. Dúbhairt sí le Seán dul isteach agus an cailín olc istigh do mharbhú(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máighréad Ní Chathasaidhe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann