Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 319

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 319

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 319
  3. XML “Scéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    léimt ar an gcapall ar an dtaobh thiar de. Dhein sí amhlaidh. Thosnuigh an fear ag cainnt ach is beag a brígh ar a bhriatharaibh.
    Tá casán garbh ag dul ón mbóthar tríd an gcnoc ar an dtaobh thoir den bhfuathchais agus nuair [a] bhíodar i ngiorracht péirse ón áit sin, léim sí anuas ar an mbóthar agus suas an cnoc léi gan oiread is aon fhocal d' rádh.
    Lean an fear i dtreo na fuathchaise [í] acht díreach agus é ag a béul do bhéic leanbh istigh agus nuair [d'] airigh an capall an fothram uathbhásach do chuir sí stailc uirthi féin. D'iompaigh sí ar an mbóthar, thug an fear a aghaidh ar an bhfuathchais arís acht d'airigh sé béic eile agus ní chuirfeadh an capall cos thar chois eile.
    Sa deire b'éigean do dul go sean-tigh a bhí lámh leis an áit agus fanacht ann go breacadh an lae. Annsan chuaidh sé abhaile agus díreach agus é ag déanamh ar a thigh féin d'innseadh dó go raibh an bhean a bhuail uime an oidhche roimhe sin tar éis báis d'fháil.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Domhnal O Concubhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Doire na Cathrach, Co. Chiarraí