School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 319
- XML “Scéal Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)léimt ar an gcapall ar an dtaobh thiar de. Dhein sí amhlaidh. Thosnuigh an fear ag cainnt ach is beag a brígh ar a bhriatharaibh.Tá casán garbh ag dul ón mbóthar tríd an gcnoc ar an dtaobh thoir den bhfuathchais agus nuair [a] bhíodar i ngiorracht péirse ón áit sin, léim sí anuas ar an mbóthar agus suas an cnoc léi gan oiread is aon fhocal d' rádh.Lean an fear i dtreo na fuathchaise [í] acht díreach agus é ag a béul do bhéic leanbh istigh agus nuair [d'] airigh an capall an fothram uathbhásach do chuir sí stailc uirthi féin. D'iompaigh sí ar an mbóthar, thug an fear a aghaidh ar an bhfuathchais arís acht d'airigh sé béic eile agus ní chuirfeadh an capall cos thar chois eile.Sa deire b'éigean do dul go sean-tigh a bhí lámh leis an áit agus fanacht ann go breacadh an lae. Annsan chuaidh sé abhaile agus díreach agus é ag déanamh ar a thigh féin d'innseadh dó go raibh an bhean a bhuail uime an oidhche roimhe sin tar éis báis d'fháil.
- Informant
- Domhnal O Concubhair
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Derrynacaheragh, Co. Kerry