School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 310

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 310

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 310
  3. XML “Scéal Eile mar gheall ar Inse an tSagairt”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal eile mar gheall ar "Inse an tSagairt"
    Tá an pháirc sin cois na habhann thiar in Inis Phoill i mBunán. Is ann do marbhuigheadh sagart fadó agus tar éis bháis an tsagairt bhí na Sasanaigh i bpunnc féachaint cad é an saghas bháis mhíthrócairigh a bheadh tuillte ag an gcléireach.
    I ndeire[adh] na scríbe do labhair duine agus dubhairt sé é do lámhach, dubhairt duine eile é do dhíth-cheannadh agus duine eile é do loisceadh (=loscadh) ina bheathaidh. Acht pé scéal é d'aontuigheadar ar é do bháthadh. Thugadar leo go Teampall nuadh lámh le Neidín é agus dhá mhaistín de mhadraibh fola ar a thóir.
    Chuadar isteach agus bhí an cléireach ag snámh ar a dhícheall agus aghaigh ar an dtaoibh eile, nuair a tháini'g na madraí suas leis. Níor dhean an fear ach greim daingean do thóg[aint] ar mhuineál gach madra agus do leanadar ag snámh gur shroiseadar Cill Átha ar an dtaobh eile. Nuair a bhuail cosa an chléirigh an ghainimh do sháidh sé na madraí fán uisce chun go rabhadar marbh agus as go bráth leis féin.
    Donnchadh Ó Séaghdha, Cúl na gCupóg, [An] Bunán.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh O Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    Coolnagoppoge, Co. Kerry