School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 320
- XML “Paidir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Paidir a fuaireas ó Mháire Ní Éigceartaigh - thá sí i Lundain fé láthair acht chomhnuigheadh sí sna Milíní, an Bunán.1.
Mo bheannacht agaibh
beannacht Dé in bhúr gcuid,
in bhúr sliocht agus bhúr sláinte.
Nár leogaidh Dia droch-sgéal in bhúr measg,
nú measg ár ndaoine ná
ár gcomharsain is gach aoinne
go bhfuil amuigh is sa mbaile.2. Íosa Críost ag cainnt lena mháthair"Id chodla[dh] ataoi a mháthair."
"Ní headh, a ghrádh geal ach ag marbhna atáimse
I dtaobh Rígh na nIúdach
Atá [ag] teacht annso i mbárach.
Fear caol, ciardhubh a chaol donn fé (?)
Beidh an [t]sleagh dhearg ina láimh aige
Chun í [a] sháth[adh] tré thaobh ár Slánuightheora, Íosa Críost."
"Is maith a[n] m[h]arbhna í, a mháthair."
Agus níl aoinne a déarfaidh í trí [h]uaire ar leabaidh chun suain ná faghaidh na flaitheas mar dualgas ar mo ghualain[n] go bráth.(Bhí a thuilleadh leo acht ní raibh sé aici.)- Informant
- Máire Ní hEigceartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Milleens, Co. Kerry