School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Solas a bhíodh ag na daoinibh fadóGach samhradh nuair a bhíodh an t-am aca chuige théidís go dtí an port ar lorg giumhaise agus sínte ins na portachaibh bhíodh an ghiumhais le fagháil. Bheiridís abhaile í chun sgiotacháin (píosaí giumhaise ana-thanaidhe) do dhéanamh le sgian. Le hais nú os cionn na teineadh chuiridís na sgiotacháin á dtiormúghadh agus gach oidhche lastaí iad. I láimh dhuine bhíodh ceann aca agus ní raibh aon solas eile annsan le fagháil.Annsan tháinig an buaidhceas - píosaí snátha tumtha sa gheir. Tar éis tamaill eile bhíodh an choinneal mhúnla in úsáid agus annsa[n] lampa beag lán de oíle agus buaidhceas tríd.Gidh go raibh drochsholas ag na daoinibh bhíodh na mná ag obair go dian go mórmór sa gheimhreadh. Bhídís ag sníomh agus deiridís go bhféadfaidís snáth olna do dhéanamh níob' fhearr san oidhche agus na caoirigh ina gcodladh.Bhíodh cárdaí (dhá bhord mar seo:-
pionnaí déanta de chruaidh tríotha) chun olna de chíoradh agus do shlámadh. Nuair a bhíodh an olann go léir sníomhtha dheinidís ceartlíní(continues on next page)- Informant
- Pádraig O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Milleens, Co. Kerry