School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 267

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 267

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 267
  3. XML “Éadaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Éadaighe
    Níl aon táilliúir san bparóiste fé láthair. Bhí beirt ann deich mbliana ó shoin acht d'éag duine aca agus tá an duine eile ina sheanóir anois. Ní raibh ach aon táilliúir [amháin] ann riamh acht timcheall deich mbliana ó shoin tháinig duine eile ann ach fuair sé bás le déanaighe.
    Seasga blian ó shoin ní raibh aon áit chómhnuidhthe ag táilliúir na háite seo acht théigheadh sé ó thigh go tigh nuair a bheadh culaith éadaigh le déanamh agus [d']fhanadh sé ann go dtí go mbeadh sé déanta.
    San am san bhíodh an mianach ag na daoinibh mar dheinidís féin é. Tar éis bearradh na gcaorach dheinidís an olann do nígheadh, ghlanadh, chardáil agus do shníomh. Annsan chuiridís an tsnáth ar chrann dealúghadh nú "warping tree" féachaint an mó bannlámh a bheadh aca. Bhí figheadóirí san bparóiste a dheineadh bréid di; bhíodh sé liath nú bán agus dheineadh na mná é do dhathúghadh le saghas cúnlaigh a bhíodh ag fás ar na carraigeachaibh. Chaitheadh fear an tighe casóg dheas agus mianach maith ann. "Pilot" a cuireadh mar ainm air acht is i gCorcaigh deintí é do dhathúghadh. Bhí stuif sin an[a]-throm ar fad agus gorm ina dhath.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Language
    Irish