School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 317

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 317

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 317
  3. XML “Scéal Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal eile
    Tadhg Ó hUrdail - Tulacha, an Bunán d'innis dom é seo:-
    Aon lá amháin chuaidh a athair ar aonach go Beanntraighe agus ba leasc leis an baile d'fhágaint in am tráth[a]. Sa Samhradh do thuit an rud seo amach. Bhí an oidhche ann agus athair Thaidhg ag déanamh ar a thigh féin agus díreach agus é ag dul thar an dtuar thug sé fé ndeara go raibh na ba bainne go léir ina luighe ann.
    Tháinig sé isteach, chuir sé an capall sa stábla agus bhuail sé féin isteach sa tigh cómhnuidhthe. Bhí muinntear an tighe ina gcodladh acht bhí a bhean ina dúiseacht. Bhí rud éigin le n-ithe do cois na teine agus nuair do shuidh an fear in aice na teineadh d'airigh sé na ba go léir ag rith agus ag géimnigh sa chlós. D'éirigh an fear chun dul amach acht d'fhógair a bhean a bhí sa lochta gan a chos do chuir (=chur: ainm briathartha) thar táirsigh an dorais.
    Dhein sé amhlaidh agus maidean i mbáireach bhí na ba go léir sa tuar acht tamall ina dhiaidh fuair na ba go léir bás ceann ar cheann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg O Úrdail
    Gender
    Male
    Address
    Tullaha, Co. Kerry