Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 265

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 265

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 265
  3. XML “An Tiarna Talún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na feirmeoiríbh. Tá seana-phóna lámh le Drom an Ghoirtín -paróiste an Bhunáin- a thaisbeáineann dúinn go ndeinidís na ba a scuabadh le haghaidh cíosa ná beadh díolta go tráthamhail. Maidir le biadh fuair na daoine bochta íde na muc is na madraí mar cheap na bodairí go raibh aon saghas bídh a caitheadh leo maith a dhóthain dóibh. D'airigheas leis nuair [a] thagadh na fir oibre isteach chun rud éigin i bhfuirm dinnéir do chaitheamh théigheadh bean an tighearna bhig isteach i seomra an fhaid a bheidís ag ithe.
    Bhí fir oibre i mBonán ag obair ag bodaire lá agus timcheall a haon déag nú mar sin d'fhiafruigh sé a[n] bhfuaireadar a mbreicfeást fós . Chuir a bhean cochall uirthi féin agus thug sí mar fhreagra dhó: - "Don't you know, I hav'nt the calves fed yet."
    Fé thighearna Lansdowne cuireadh daoine as seilbh i mBunán. Is maith is cuimhin liom trácht ar dhuine a caitheadh amach ar thaobh an bhóthair agus b'éigean dó both fuar do dhéanamh ann. Bhí coillte móra ag Lansdowne i nGaortha, i gCill an Bhunáin agus Roilíach agus ní raibh sé de chead ag aoinne dul i ngar dóibh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge