Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 263

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 263
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    deineadh idir Bearna Cuimín - baile fearainn, Cnoc Dubh- agus bóithrín i dtalamh Mhichíl Uí Shéaghdha, Cnoc Dubh, paróiste an Bhunáin (an Bonán sa lámhscríbhinn). Deineadh mórán clathacha ar fuid an pharóiste, cuid aca tríd na cnocaibh agus cuid eile ins na hísleánaibh.
    Nuair a bhí an bóthar nuadh -"New Line"- cuireadh na daoine air, ghá dhéanamh, thagadh daoine ó Thuath ó Siosta go Bonán ag iarraidh oibre.
    Tháinig fear ar choisidheacht lá treasna na slébhte agus nuair [a] bhí obair fachta aige do luigh sé chun oibre ach pioc níor ith sé an lá san. Bhuail sé chun bóthair um thráthnóna agus maidin amáireach tháinig sé airís agus ciseán de phrátaibh aige. Bhí tigín beag tamall beag sío ón uathchais (Kerry Tunnel) agus is ann deintí na prátaí do bheiriughadh. Tá an tsean-fhothrach ann fós.
    Nuair do bhí na daoine bochta ag fagháil bháis leis an ocras cuireadh "soup kitchens" ar bun. Bhí ceann aca i nGort na Binne lámh leis an scoil agus thagadh na daoine ann uair sa ló ghá iarraidh. Min bhuidhe agus uisce meascaighthe le chéile agus leath-bheirbhighthe gheibhidís.
    Pádraig Ó Súilleabháin, Milíní, d'innis dom é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig O Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Millíní, Co. Chiarraí