School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 263
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)deineadh idir Bearna Cuimín - baile fearainn, Cnoc Dubh- agus bóithrín i dtalamh Mhichíl Uí Shéaghdha, Cnoc Dubh, paróiste an Bhunáin (an Bonán sa lámhscríbhinn). Deineadh mórán clathacha ar fuid an pharóiste, cuid aca tríd na cnocaibh agus cuid eile ins na hísleánaibh.
Nuair a bhí an bóthar nuadh -"New Line"- cuireadh na daoine air, ghá dhéanamh, thagadh daoine ó Thuath ó Siosta go Bonán ag iarraidh oibre.
Tháinig fear ar choisidheacht lá treasna na slébhte agus nuair [a] bhí obair fachta aige do luigh sé chun oibre ach pioc níor ith sé an lá san. Bhuail sé chun bóthair um thráthnóna agus maidin amáireach tháinig sé airís agus ciseán de phrátaibh aige. Bhí tigín beag tamall beag sío ón uathchais (Kerry Tunnel) agus is ann deintí na prátaí do bheiriughadh. Tá an tsean-fhothrach ann fós.
Nuair do bhí na daoine bochta ag fagháil bháis leis an ocras cuireadh "soup kitchens" ar bun. Bhí ceann aca i nGort na Binne lámh leis an scoil agus thagadh na daoine ann uair sa ló ghá iarraidh. Min bhuidhe agus uisce meascaighthe le chéile agus leath-bheirbhighthe gheibhidís.Pádraig Ó Súilleabháin, Milíní, d'innis dom é.- Informant
- Pádraig O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Milleens, Co. Kerry