Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sgéal eileTá fear ina chómhnuidhe ceathrú míle óm thigh-se agus bhí tigh nuadh ghá dhéanamh aige blia[i]n ó shoin. Aon oidhche amháin agus é sínte sa leabaidh gan néal (néalt sa lámhscríbhinn) codlata air d'airigh sé an fothram go léir timcheall an tighe. Ba dhóigh le duine go raibh clocha móra agus búird ag tuitim ins gach áit agus do chuir an fothram mínádúr[th]a eagla air. Chuardaigh sé an áit maidean i mbáireach, d'iniúch sé go cruinn é acht bhí gach aon rud mar d'fhágadar iad - é féin, an saor, agus an fear oibre. Seachtmhain nú mar seo tar éis an ama san d'airigh sé gur éag a dhriotháir in Americá.Oidhche eile bhí an fear céadna ag dul abhaile ón "gCeaintín", baile beag i mBunán agus ceathrú míle óm thigh-se. Chonnaic sé bean bhreágh ard agus gúna bán uirthi i lár an bhóthair roimis. Chuir sí scannradh agus sgeoin air, acht taobh istigh de mhí fuair sé leitir ó Americá á rádh go bhfuair a áintín bás an oidhche go bhfeaca sé an bhean ar an mbóthar.Ó Shán Ó Súilleabháin (48 bl.), Gort na gCapall, Bunán.
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. Chiarraí