School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sgéal eileTá fear ina chómhnuidhe ceathrú míle óm thigh-se agus bhí tigh nuadh ghá dhéanamh aige blia[i]n ó shoin. Aon oidhche amháin agus é sínte sa leabaidh gan néal (néalt sa lámhscríbhinn) codlata air d'airigh sé an fothram go léir timcheall an tighe. Ba dhóigh le duine go raibh clocha móra agus búird ag tuitim ins gach áit agus do chuir an fothram mínádúr[th]a eagla air. Chuardaigh sé an áit maidean i mbáireach, d'iniúch sé go cruinn é acht bhí gach aon rud mar d'fhágadar iad - é féin, an saor, agus an fear oibre. Seachtmhain nú mar seo tar éis an ama san d'airigh sé gur éag a dhriotháir in Americá.Oidhche eile bhí an fear céadna ag dul abhaile ón "gCeaintín", baile beag i mBunán agus ceathrú míle óm thigh-se. Chonnaic sé bean bhreágh ard agus gúna bán uirthi i lár an bhóthair roimis. Chuir sí scannradh agus sgeoin air, acht taobh istigh de mhí fuair sé leitir ó Americá á rádh go bhfuair a áintín bás an oidhche go bhfeaca sé an bhean ar an mbóthar.Ó Shán Ó Súilleabháin (48 bl.), Gort na gCapall, Bunán.
- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Address
- Gortnagappul, Co. Kerry