Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 247
- XML “Léim an tSagairt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus "bobbie" ghá chosaint ná raibh aon aga ag na daoine chun é do lámhach. Acht ámhthach bhí a dhriothár mar chléir Prostustanaigh i mBeanntraighe agus dhein sluagh i dTiobráid Áran comh-cheilg chun é do chur as an tslíghe mar shásamh aigne dhóibh.
Tháinig beirt ón áit sin go Beanntraighe, d'aimsigheadar tigh an pharso[i]n gan puinn moille. Bhí a bhean istigh rómpa agus d'fhiafruigheadar di cá raibh a céile mar do bhí leitir aca dhó óna dhriothár , an tíghearna talmhan. D'innis sí dhóibh go raibh sé ag foghlaeracht ar bharrna Léime agus ná beadh sé thar n-ais roimh an oidhche nach mór. Amach leo agus thánadar air ar bharr na Léime agus mharbhuigheadar é gan truagh, gan taise, gan trócaire. Thugadar a chorp go dtí an abhainn a théidheann tré Chúimín i mBunán agus chaitheadar isteach i bpoll doimhin é. Annsan theicheadar agus ní raibh [a] fhios ag aoinne cérbh iad na daoine a mhairbh é. Nuair a bhraitheadar -muinntir an pharso[i]n gur marbhuigheadh é, chuadar á lorg acht tháinig an teip ortha. I ndeire na scríbe sholáthruigheadar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cúrnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Éirnín, Co. Chiarraí