Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Baidhreán: An rith deirineach den
mhin choirceCáidí: Min choirce gan aon nidh tríd deintí é do bhácáil ar crann aráin. 'S é sin saghas cleithe adhmaid. Cuirtí os comhair na teine é, agus buailtí an cisde suas leis. Deirtí "crann aráin le teineadh agus fear an tighe á liathadh". Is ionann é sin agus gábhtar. Nuair ná bíodh an fear ábalta chun bídh do sholáthar do bheadh an crann arán le teineadh agus gan cisde ann. Dá mbeadh an císde leis an gcrann ní haon chrann a bheadh leis an teine acht an císde.Baidhreán:
"Biadh agus deoch na Nodlag
Éadach nuadh na Cásca
Leite lae 'le Michíl
Agus baidhreán lae 'le Pádraig""Aoine an Chéasta is mór an céasda bainne dh'ól
agus Domhnach Cásca is mór an náire bheith gan feoil."Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Milíní, Bunán- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí