School: Castlerock N.S. (roll number 13242)

Location:
Droim Mártain, Co. Shligigh
Teacher:
Frank Haran
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0174, Page 044

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0174, Page 044

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Castlerock N.S.
  2. XML Page 044
  3. XML “An Chéad Aonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Ceithre punt, cúig déág" ars an fear.
    "Ó, tá an fear robáilte agat. Caithfidh tú an cosán a thabhairt ort arís i mbárach agus cúig sgilleacha déag a thabhairt ar ais arís don fhear ar dhíol tú an bó leis."
    An lá dá gcionn chuaidh an bheirt acú ar na cosáin. Casadh le chéile iad ar mheadhon lae. Shíl fear na bhó punt, cúig déág a thabhairt don fhear eile ach ní ghlacfadh sé é ach ag iarraidh cúig sgilleacha déag a thabhairt ar ais dhó. Faoí dheireadh bhuail síad agus lasg siad a chéile go raibh siad báidhte in a gcuid fola. Annsin chuaidh go fear cneasta agus d'innis siad an sgéal dhó.
    "Tiocfaidh an lá a mbéidh an t-athair ag iarraidh buntáiste robála ar a mhac agus an mac ag iarraidh buntáiste robála ar a athair" ars an fear-cirt "Cuirfidh mé aonach ar siubhal i gCarraig na gCat agus an margadh a dhéanfaidh sibh annsin caithfidh sibh teacht i dtír air."
    Tomás Ó Cearbhall, Leitirbrón, Áth 'n Cláir
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Cearbhall
    Gender
    Male
    Address
    Leitir Brón, Co. Shligigh