School: Castlerock N.S. (roll number 13242)

Location:
Drummartin, Co. Sligo
Teacher:
Frank Haran
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0174, Page 043

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0174, Page 043

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Castlerock N.S.
  2. XML Page 043
  3. XML “An Chéad Aonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní bhiod aon aonach ann fadó ná bóthair ach oiread. Nuair a bhéadh bó le díol ag fear bhéadh sé b'fheidir trí seachtmhaine ag siubhal ar na cosáin sul a gcastaoí fear leis a cheannóchadh an bhó uaidh. Lá amháin chuaidh fear amach ag ceannacht bó agus chuaidh fear amach ag díol bó. Casadh le chéile iad ar mheadhon lae. Rinneadh an marghadh. Ceithre punt, cúig déag. Annsin d'imthigh siad abhaile, fear na bá agus an fear a dhíol an bhó.
    Nuair a chuaidh fear na bó abhaile bhlith a bhean í agus fuair sí canna bainne uaithe. Tháinig sí isteach sa teach agus dubhairt sí "cé mhéid a thug tú ar an mbuin sin".
    "Ceithre punt, cúig déag" ars an fear
    "Tá an fear robáilte agat" ar sise
    "Caithfidh tú an cosán a thabhairt ort i mbárach arís agus punt, cúig déag a thabhairt ar ais don fhear ar cheannuigh tú an bhó uaidh."
    Nuair a chuaidh an fear eile abhaile d'fhiafruigh a bhean dhe cé mhéid a fuair sé ar an mbó.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Cearbhall
    Gender
    Male
    Address
    Letterbrone, Co. Sligo