Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)
- Suíomh:
- Drummartin, Co. Sligo
- Múinteoir: Frank Haran
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castlerock N.S.
- XML Leathanach 044
- XML “An Chéad Aonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Ceithre punt, cúig déág" ars an fear.
"Ó, tá an fear robáilte agat. Caithfidh tú an cosán a thabhairt ort arís i mbárach agus cúig sgilleacha déag a thabhairt ar ais arís don fhear ar dhíol tú an bó leis."An lá dá gcionn chuaidh an bheirt acú ar na cosáin. Casadh le chéile iad ar mheadhon lae. Shíl fear na bhó punt, cúig déág a thabhairt don fhear eile ach ní ghlacfadh sé é ach ag iarraidh cúig sgilleacha déag a thabhairt ar ais dhó. Faoí dheireadh bhuail síad agus lasg siad a chéile go raibh siad báidhte in a gcuid fola. Annsin chuaidh go fear cneasta agus d'innis siad an sgéal dhó.
"Tiocfaidh an lá a mbéidh an t-athair ag iarraidh buntáiste robála ar a mhac agus an mac ag iarraidh buntáiste robála ar a athair" ars an fear-cirt "Cuirfidh mé aonach ar siubhal i gCarraig na gCat agus an margadh a dhéanfaidh sibh annsin caithfidh sibh teacht i dtír air."Tomás Ó Cearbhall, Leitirbrón, Áth 'n Cláir- Bailitheoir
- Tomás Ó Cearbhall
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Letterbrone, Co. Sligo