Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)

Suíomh:
Droim Mártain, Co. Shligigh
Múinteoir:
Frank Haran
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0174, Leathanach 020

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0174, Leathanach 020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Castlerock N.S.
  2. XML Leathanach 020
  3. XML “An Díomasach Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá áit thiar i Leitir Brón ar a dtugtar Leabaidh Thomáis Bhuidhe. Glaoidheadh an t-ainm sin air mar a d'áitreabh fear cáileamhail ann ar a tugadh Tomás Buidhe mar leas-ainm. Díomasach ab eadh a ainm ceart.
    Gan amhras ba fear láidir é ach níorbh cáil mhaith a bhí air ach cáil na gadaidheachta. Maidin amháin agus an ghrian ag lonnradh ar 'chuile rud a rinne Dia sháith Tomás a lámh in a phóca agus thug an cosán dhó féin síos chuig an mbóthar. Ar shroisint an bhóthair dhó chonnaic sé fear ag dul 'un an aonaigh le dhá mhuic a raibh dhá chéád meadhchain ins gach ceann.
    "Tá muicfheóil ag teastáil uaim" ars an gadaidhe leis fhéin. Leis sin shiubhail sé i dtreó na cairte agus ar seisean leis an bhfear "stop". Gan focal eile a rádh siúd leis an Díomasach suas chuig an gcairt. Cúpla noiméad in a dhiaidh sin d'fheicfeá é ag dul suas an cnoc leis an muic agus an fear eile ar an mbóthar gan mhuc nó a luach. Lá eile bhí fear ag teacht ó mhuileann le dhá shac mine. Ní dhearna an Díomasach ach sac amháin a árdughadh ar a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Mearáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Nuachabháil, Co. Shligigh