Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)
- Suíomh:
- Droim Mártain, Co. Shligigh
- Múinteoir: Frank Haran
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castlerock N.S.
- XML Leathanach 043
- XML “An Chéad Aonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní bhiod aon aonach ann fadó ná bóthair ach oiread. Nuair a bhéadh bó le díol ag fear bhéadh sé b'fheidir trí seachtmhaine ag siubhal ar na cosáin sul a gcastaoí fear leis a cheannóchadh an bhó uaidh. Lá amháin chuaidh fear amach ag ceannacht bó agus chuaidh fear amach ag díol bó. Casadh le chéile iad ar mheadhon lae. Rinneadh an marghadh. Ceithre punt, cúig déag. Annsin d'imthigh siad abhaile, fear na bá agus an fear a dhíol an bhó.Nuair a chuaidh fear na bó abhaile bhlith a bhean í agus fuair sí canna bainne uaithe. Tháinig sí isteach sa teach agus dubhairt sí "cé mhéid a thug tú ar an mbuin sin".
"Ceithre punt, cúig déag" ars an fear
"Tá an fear robáilte agat" ar sise
"Caithfidh tú an cosán a thabhairt ort i mbárach arís agus punt, cúig déag a thabhairt ar ais don fhear ar cheannuigh tú an bhó uaidh."
Nuair a chuaidh an fear eile abhaile d'fhiafruigh a bhean dhe cé mhéid a fuair sé ar an mbó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Cearbhall
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh