School: Castlerock N.S. (roll number 13242)

Location:
Droim Mártain, Co. Shligigh
Teacher:
Frank Haran
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0174, Page 021

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0174, Page 021

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Castlerock N.S.
  2. XML Page 021
  3. XML “An Díomasach Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gualainn agus gan aon strobh d'iomchar sé leis abhaile é. In aimhdheoin a dtug sé abhaile bhí air an teach a fhágáil sa deireadh le biadh a shaorthughadh do féin. Chuaidh sé go Sasana agus ar a bhealach dhó tré Éirinn leag sé a shúl ar uan bhreágh ag ithe i bpáirc. Ar seisean in a intinn féin "má bhíonn tú annseo ar mo theacht abhaile tiubhrfad liom thú." D'imthigh sé leis go Sasana agus chaith an samhradh ann. Ar a bhealach dhó tar nais céard a d'feicfeadh sé sa bpáirc céadna ach an t-uan agus é reamhar. Chroch sé an t-uan ar a ghualainn agus abhaile leis. Fhaid is bhí na gardaí ag cuardughadh an ghaduidhe bhí an Díomasach ag ithe an uain ar a shuaimhneas. Ó bhí cáil na gaduidheachta air nírobh fhada gur frítheadh amach gurb é a ghoid an t-uan. Tugadh 'un na cuairte é agus gearradh seacht mbliadhna de phriosúntacht air. Ar chaoí éicínt d'éalugih sé ó phriosún agus agus d'imthigh sé roimhe go deisceart ná tíre mar ar thaithigh sé le feirmeóir. Lá dá raibh sgoruidheacht ar siubhal san áit seo bhí oifigeach Sasanach ag caitheamh meadhchain agus bhuaidh sé ar 'chuile fear dá raibh sa bpáirc. Annsin thosaigh se ag maoidheadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Ó Mearáin
    Gender
    Male
    Address
    An Nuachabháil, Co. Shligigh