School: Castlerock N.S. (roll number 13242)
- Location:
- Drummartin, Co. Sligo
- Teacher: Frank Haran
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Castlerock N.S.
- XML Page 022
- XML “An Díomasach Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)as fhéin ach chuaidh feirmeóir suas chuige agus ar seisean
"Tá buachaill aimsire agam agus cuirfead geall leat go mbuailfidh sé thú ar choingheal go mbéidh an coimhlint ann san oidhche."
Glacadh leis an ngeall agus ar an oidhche úd thárla gach a dubhairt an feirmeóir. Ba é toradh an choimhlint gur chaith an Díomasach an meadhchain fe dhó níos fuide ná an t-oifigeach. Bhí iongnadh ar an oifigeach. Smaoinigh sé air fhéin. Annsin dubhairt sé
"Níl fear in Éirinn a fhéadfadh a leitheid sin a dhéanamh ach an Díomasach Mór agus tá barántas annseo in mo phóca agam don fhear sin"
Óir bhí sé sa margadh nach raibh cead ag an oifigeach lámh a leagadh ar an Díomasach ní fhéadfadh sé é a ghabháil an oidhche sin ach bheartuigh sé a dhéanamh lá eile. Theich an Díomasach go Meriocá agus níor cluineadh fé ó shoin i leith. Deirtear gur uaidh sin a shíolruigh Seán Díomasach, an gaisgidheach dornála. Pádraig Ó Mearáin, Óchabháil, Átha 'n Chláir- Collector
- Pádraig Ó Mearáin
- Gender
- Male
- Address
- Oughaval, Co. Sligo