School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0510
- XML “Pisreoga Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé le na daoine bheadh ádh dhomhain aca ar feadh na bliana.
Nuair a bhíonn mada ag caoineadh deirtear go bhfuil duine ag fáil bháis.
Nuair a chloistear géimnighe trí mbó tá sé ráidhte go bhfuil bó eile ag fáil bháis.
Ní cheart croiceann a bhaint de chapall a fuair bás.
Má chuirtear an tae-phota ar an dteine gan clúdach deirtear go mbeidh comhluadar sa dteach an lá sin.
Nuair a bhíonn do chluas chlé te tá duine do do chánaidh, agus nuair a bhíonn an chluas eile te tá duine do do mholadh.
Má thagann dreóilín chuig an doras tá sneachta ag teacht.
Má bhíonn daoine ag treabhadh i bpáirc agus má bhíonn duine ag dul thar an bpáirc sin agus má bhíonn cúl na gcapall leis is comhartha maith é.
Ní cheart gruag a chioradh Aoine an Chéasta.
An té bhriseas sgathán deirtear go mbíonn mí-ádh air, ar feadh seacht mblian.
Nuair a bhíonn ceó ar an abhainn tá sioc ag teacht agus aimsear bhreágh freisin.
An duine a chuireas eidheann deirtear nach mbeidh sé i bhfad san áit.
Ní ceart uisge na gcos a chaitheamh amach san oidhche”
Nuair a bhíonn teach ghá cur suas agus má thuiteann cloch nó dó ón tsimné ní cheart cómhnuidhe a dhéanamh san teach sin - níl sé sona.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Éalbháird
- Gender
- Female
- Informant
- Áine Hennigan
- Gender
- Female