Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 359
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do luigh an droch-shaoghal go crúaidh ar an gceanntar so. Do bhí níos mó daoine na gcómhnuidhe ann an uair sin ná mar atá ann anois. Níor lobhaidh na prátaí in-achor núair bhiodar ag fás, ach lobhadar ins na puill agus ins na tighthibh na diaidh san. Do phriocadar an méid a fúaireadar agus do chuireadar iad ach do lobhaidh an síol insan talamh. Do bhí min-choirce aige cuid aca ach ní raibh aon ní le n-ithe ag cuid eile aca. Do chabhruig na daoine go raibh croidhe mór aca , agus aigne mhaith, leótha. Do cailleadh leis an ocras iad agus le breoidhteacht do tharraing an t-ocras ortha. Do bhi droch-bhlíanta ó shoin ann (1845-46) ach ní rabhadar chómh h-olc leis an dá bhlíain sin. Núair cailltí iad , ní raibh na cómharsain ábalta ar dul chúca. Do bhídís marbh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Loingsig
- Inscne
- Baineann